Sunday, February 22, 2009

Pizza, pjs agus neart deatach gan tine…

Is fada ó scríobh mé as Gaeilge anseo – bilingual intentions kinda gone out the window! Ach tá gaelspell agam ar mo ríomhaire anois. Class. So nílim chomh buartha faoi bhotúin (now it’s just the grammar I’ll fuck up!)
Cá’ll an leabhair “Ceart Litriú” when ya need it, eh?

Ní dheachaigh mé abhaile go Luimneach an deireadh seachtaine seo. I ndiaidh bheith chomh traochta t’réis an seachtain a bhí agam, shochraigh mé fanacht. Níor fhág mé an teach ach faoi dhó ó tháinig mé abhaile ar an Aoine! An cóisir aréir (iontach, ach ró-ólta… def earned a slagging, which i'll recieve Tuesday…), agus an t-aon uair eile a bhog mé óm chathaoir ná cúpla uair a chloig ó shin, nuair a phioc mé suas mo pizza ó Godfathers’ … (Níl sé níos saoire é a phiocadh suas, ach seo an dara huair in as many oícheanta gur fuaireas pizza. Mar sin, shiúl mé, so I wouldn’t feel as guilty/lazy!)

D’fhág mé ráiteas ar mo Facebook aréir a bhí… ait go leor…
Aoife says “Your move…”

Huh?! Aisteach or wha? N’fheadar ceard faoi a bhíos ag smaoineamh… ‘raibh sé dírithe ar duine áirithe? Gach seans go raibh. *shrugs* Though I CAN hazard a guess…

Bhí sé deas am a chaitheamh sa bhaile. Dublin-baile, I mean, not fíor-home. Tá rudaí stormy go leor thiar faoi láthair… agus nílim ag déanamh tagairt ar bith don aimsir… Bhí mé ann an deireadh seachtaine seo chaite. Bhí sé aisteach… gach éinne ag fanacht orm teacht abhaile le mo bhreithiúnas a fháil… Haha… well, not really… scéal fada… ach tá cineál ról agam sa chlann ó chailleadh mo seanmháthair cúpla bhliain ó shin, agus, táim sásta glacadh leis, agus tagann sé chugam go nádúrtha… fós… is mór an brú orm é in amantaí, ar nós i gcás an seachtain seo chaite. Ick. Messy situation.

Sílim gur chabhraigh mé go mór le mo chuid ionchur… Ach, is leor sin. (Ionchur – what a bullshit word! Chum mise focail nua coicís ó shin – Cathairdhreach! Cosúil le Tírdhreach? Cliste, no?)

Gach focail ar domhain – bhí ar duine éigin teacht suas leo. Táim i gcónaí ag lorg bealaí nua rudaí a rá as Gaeilge… Bíonn daoine ag gearrán faoi “béarlachas” agus rl. Céard fiú an bullshit sin? I ndáiríre – úsáideann muid ar fad focail agus nathanna ó teangacha eile agus muid ag labhairt Béarla – gach teanga ar domhain, bíonn tionchar ar teangacha eile orthu. Cén dochar? Is meán cumarsáid í an Ghaeilge, agus teanga ar bith, agus caithfidh tú í a úsáid i do bhealach féin. Déan do rud féin leí. Aimsíonn tú do ghuth féin nuair atá go leor den teanga foghlamtha agat, agus SIN líofacht, nuair’s féidir do pearsantacht a chur trasna! Má theastaíonn uait nathanna cainte a úsáid, agus muna bhfuil a leithéid ann sa Ghaeilge, fuck it! Úsáid é! Má caitheann daoine “like” nó “just” isteach ina gcuid Gaeilge ó am go chéile, cén dochar? Agus muid ag labhairt i mBéarla, ní ró-mhinic a bhímid buartha faoi cúrsaí gramadaí – agus níl éinne chun léimt ort má deirinn tú rud éigin nach bhfuil i gceart – tá’s againn nach scríobhaimis riamh mar sin é!
Pé scéal é… tá an obair ag dul go breá… Sin atáim a’ rá agus táim stickin’ to it!

Ach, go hionraic, is aoibhinn liom an stuif atá á dhéanamh agam faoi láthair – go háirithe an láithreoireacht raidió agus an scríbhneoireacht. Tá an t-ádh dearg orm bheith ag obair leis an legendary Dusty Rhodes chomh maith!

Táim ag moilliú síos go mór, áfach… ag cailliúint luas go ró-thapaigh agus ag coladh isteach go déanach sna maidine… leath den am, is mar gheall ar an obair san oíche a tharlaíonn sé… leath eile, mar gheall ar an easpa fuinneamh atá orm, agus an easpa muinín atá agam asam féin faoi láthair… Frustrated liom féin as bheith chomh distracted, agus unfocused is atáim. B’fhearr liom smacht a choinneal orm féin – ach ní bhímse faoi smacht agam riamh agus is mór an pian sa tóin é… (go háirithe agus mé i mo TOTAL control freak go nádúrtha..hehe..)

Táim tuirseach – can’t shake it off! Ach tiocfaidh an fuinnimh ar ais chugaim… seo an gnáth-rud domsa… An iomarca caffeine b’fhéidir!
Tá a lán ar m’intinn… táim buartha faoin crap atá ar siúl sa bhaile… Ach tá rud eile nach féidir liom stopadh ag smaoineamh faoi go háirithe – and it’s under my skin and it’s really getting irritating. Ní féidir liom ach… cur suas leis, is dóigh…

No – time to cop on. Seachas bheith ag suí agus ag déanamh mion-anailís ar gach rud, nó ag ligint nach gcuireann sé isteach orm, bheadh mé níos fearr as má thógaim aicsean éigin!
Ach céard?

Níl aon rud mícheart – níor tharla aon tubaiste – ach táim just… strussed! ‘s níl fhios agam céard ‘tá uaim. Ar a laghad, níl mórán am agam a thuilleadh le bheith ag smaoineamh faoi! :)

1 comment:

  1. Anonymous7:55 am

    Tá sé seo spéisiúl beo bríomhar a phingin agus coinnigh ort ag scríobh as Gaeilge mar is breá suimiúl an tslí atá agat le tú fein a chur i láthair.

    Is breá liomsa pizza leis :)

    ReplyDelete