Wednesday, August 13, 2008

Táim ar fucking buille!

Bhí mé i club an Conartha aréir, áit ina oibrím agus ina ólaim go minic… cuireadh déistin orm. An droch-attitude a bhíonn ag daoine áirithe!! Tá sé dochreidte!! Tuigim anois cén fáth go mbíonn an áit comh folamh na laethanta seo – áit a bhí dubh go doras chuille oíche fadó.

D’fhéadfach sé bheith ar nós croí-lár pobal na gaeilge i mBaile Átha Cliath. Áit compórdach, cáirdiúil, oscailte ina raibh daoine in ann gaeilge a labhairt agus a cleachtadh agus a fhoghlaim i suíomh gan brú, gan daoine daorbhreithiúnach nó ardnósach ag magadh futhu agus faoina neaspa gaeilge. Sin an cinéal áit inar cór don Club a bheith. Ach níl sé fecking mar sin ar cor ar bith.

Deirtear go bhfuil fáilte roimh duine ar bith leis an meon ceart, le spéis sa teanga agus cúltúr gaelach, le fonn an teanga a fhoghlaim. Daoine a dhéanann iarracht ar bith, cibé caighdean atá ar a gcuid gaeilge, ba cheart go mbeadh fáilte rompu agus cairdiúlachas á thaispeáint chun iad a mhealladh ar ais. Sin a cheap mise anyway!

Tháinig mo bhuachaill isteach liom aréir. Disléicseach atá ann agus mar sin bhí deacrachtaí uafásach aige le teangacha sa scoil. Comh maith le sin, tá fhios againn uilig nach n-éiríonn leis an bloody corás oideachas gaeilge a múineadh do daoine. Ach, bhfuil fhios agat, tháinig sé in éineacht liom chun casadh le na daoine a bhí mé i gconaí ag caint faoi, chun bheith in ann an áit atá comh speisíalta dhom a fheiceáil, agus tá sé dáiríre faoi dian-iarracht ceart a dhéanamh chun níos mó gaeilge a fhoghlaim. Níor iarr mé air teacht liom, bhí sé ag iarraigh teacht é fhéin. Agus dúirt mé leis, is cuma muna bhfuil an misneach nó an foclóireacht agat – déan iarracht agus beidh fáilte romhat. Tá gach éinne an-dheas agus an-sásta cabhrú leat.

Shuí sé liom, i measc na leaids. Bhí sé an-chiúin, agus tháinig cinéal panic air nuair a chuir duine ar bith ceist air. Ní raibh an muinín aige gaeilge a labhairt, ní raibh sé ag iarraigh béarla a labhairt. Bhí sé in ann cuid mhaith a thuiscint, ach d’fhan sé amach ón comhrá nuair nach raibh sé in ann é a thuiscint… bhí sé ag éisteach don chuid is mó; ag iarraigh é a lanúint.

Agus duine amháin… anois, ba mhaith liom a rá ar dtús go bhfuil (nó, do bhí..) ard-meas agam ar an té seo. Bíonn sé an-dheas de ghnáth... Sin an fáth gur chur sé iontas an domhain orm nuair a thosaigh sé ag magadh faoi m’fhear díreach ós a chomhair. Ag ceistiú ceard a bhí cearr leis. An éireannach é? Ag ceistiú cén fáth a raibh mé ag siúl amach leis ar cor ar bith! Breathnaigh, níl expression ar bith air.. ní féidir focal a thuiscint... haha..

Níos luaithe bhí sé ráite agam go raibheamar sa chúrsa Iriseoireacht céanna, ach bhí mé ag déanamh gaeilge leis agus é fhéin ag stadéir Fraincís. D’iarr an fearr seo air, cén fáth? Cén fáth nár roghnaigh tú gaeilge?

Bhí sé ag stadéir fraincís ó bhí sé sa bhunscoil, agus cheap sé go raibh sé níos éasca ná gaeilge – agus níl an mileáin air. Bíonn a lán daoine mar sin mar bhíonn na teangacha eile múinte i bhfad níos fearr sa scoileanna. Tá fhios againn uiliog sin. I mo laethanta scoile bhí i bhfad níos mó gearmánais agam i ndiaigh 6 bhliain á fhoghlaim ná gaeilge a bhí mé ag foghlaim ón céad lá sa naoinra. Bhí m’fhear ag iarraigh Iriseoireacht a dhéanamh, seo an cúrsa ab fhearr leis, phioc sé fraincís chun é a dhéanamh níos éasca dhó féin, agus bíonn deis dul thar lear ar taithí oibre comh maith má roghnaíonn tú sin. Ceard tá cearr le sin?

Tá blas an-láidir ag an fear seo so ní raibh m’fhear in ann é a thuiscint ar cor ar bith… fiú nuair a thosaigh na leaids eile ag gáire faoi comh maith... Cheap sé go raibh joke éigin ann nár thuig sé. Agus bhí. Faoi!! Ní raibh mé in ann an-chuid a rá leis an fear seo chun é a chosaint -- bhí mé scanraithe go dtuigfidh mo bhuachaill mo chuid gaeilge, ‘s go dtuigfidh sé céard a bhí ag dul ar aghaidh. D’imigh muid agus náire an domhain orm, agus lasmuigh nuair a dúirt mo bhuachaill gur thaithin an oíche go mór leis agus go raibh sé ag súil go mór le teacht ar ais, bhí mé ar tí pléascadh!!

Ní thuigim an seafóid sin! Bíonn pólannaigh agus francaigh agus chuille sórt daoine istig agus bíonn fáilte rompu, ach éireannach ag iarraigh gaeilge a fhoghlaim? Ha ha. Ní féidr leis an amadán seo muid a thuiscint. Ba cheart go mbeidh sé in ann. srl srl. Tá sé fucking ridiculous!! Cainteoir dúchais ag… fucking… “lording it over” duine atá tar éis teacht agus suí ansin agus bheith fágtha amach ón comhrá - ag iarraigh éisteach agus foghlaim. Gan a bheith ag cur isteach ar duine ar bith, gan a bheith ag labhairt béarla fiú!! Ní thuigeann an fear sin cé comh deacair is a bhíonn sé ar daoine a leithéid de sin a dhéanamh. Dhá bhliain ó shin nuair a thosaigh mé le Aisteoiri Bulfinn bhí mé díreach mar an gcéanna. An raibh daoine ag magadh fúmsa comh maith? Bhíodh mé i bhfad ró-náirithe teacht ar ais riamh arís dá mbíodh fhios agam sin!

An raibh daoine ag gáire faoi Seán Ó Riordán? B’fhéidir go raibh! Tá an-chuid daoine i saol na gaeilge nach cainteoirí duchais iad. Tá an dearcadh ag daoine áirithe go bhfuil sé ar nós fucking club eisiach nó rud éicint! Club le haghaidh daoine le gaeilge, a labhraíonn gaeilge le chéile, ag plé cursaí gaeilge, ag gearán faoi daoine nach labhraíonn gaeilge… B’fhéidir go mbeadh i bhfad níos mó spéis ag daoine é a fhoghlaim muna raibh an diabhal dearcadh sin ann!! Bíonn an eisciachas céanna le feiceáil i cuid de na Cumainn Gaelach sna coláistí – sin fáth mór nach mbíonn daoine le gaeilge lag ag iarraigh bheith páirteach leo, níl fáilte rompu! Conas gur féidir le daoine ón taobh amuigh an teanga a fhoghaim mar sin?! Conas gur féidir an gaeilge a cur chun cinn gan a pobal gaelach a mhéadú agus é a roinnt le níos mó daoine?

An seachtain seo chaite, bhíos ag obair taobh thiar den bar nuair a dúirt seanleaid liom go raibh sé ag caint le grúpa daoine ó Chonnemara nach raibh ag iarraigh teacht ar ais riamh arís mar: “níl san áit seo ach snobs” – níor dúirt duine ar bith Hello leo, fiú.

Bíonn fir barr ann a bhíonn ag éisteach le cheoil nó ag léamh gan aird ar bith a thabhairt de na chustaméirí, seachas pionta a chaitheamh amach chuchu ó am go ham.

Tá fhios agam go bhfuil daoine dena custaméirí agus den foireann atá béasach, fáilteach, agus ag iarraigh iomhá oscailte agus cairdiúil a chruthú don áit – bíonn an chuid is mó dóibh ar nós sin, actually!! Ach bíonn roinnt daoine nach labhraíonn le duine ar bith, seachas a ngrúpa féin, agus nach mbíonn fáilteach ar cor ar bith agus cuireann sé frustrachas orm!! Ní thiocfaidh na daoine seo ar ais! Ní thiocfadh mo fhear ar ais má insím dhó go raibh siad ag gáire faoi!

Tá an Conradh an-tábhachtach dom. Tá sé mar cuid mór do m’shaol anois. Munar féidir sin a roinnt leis, muna bhfuil fáilte roimhe, níl fáilte romhaim. Ní raibh sé just ag magadh faoi amháin, bhí sé á mo mhaslú comh mhaith. Níl sin ceart nó cothrom. Bhíos ag iarraigh saol na gaeilge a thaispeáint dó…. Seo saol na fucking gaeilge...