Wednesday, November 26, 2008

Le foilsiu i "TOAST" (Irish nua DIT)

Ar an Luan, 17 Samhain, chuaigh cúigear mac léinn ó ITBÁC go hÁras an Uachtaráin le freastal ar thaifeadadh an "Presidential Lecture Series", sraithchlár trípháirteach de chuid RTÉ Raidió a hAon. Ar an lá rinneadh taifead ar an chéad dhá pháirt, a chraolfar ar an 30 agus 31 Nollaig ag 1.30i.n. Déarfainn go raibh thart ar 60 mac léinn ann ar an lá, a tháinig ó beagnach gach aon choláiste triú leibhéal sa tír, agus bhí daoine ann ó thíortha eile chomh maith atá ina gcónaí in Éirinn anois.

Mar dhuine de na daoine a roghnaigh ITBÁC, tá mé ag súil go mór le héisteacht leis! Ba chóir go mbeadh ITBÁC fíorbhródúil as an gcúigear againn agus as an ionchur luachmhar a thugamar don díospóireacht. Tá sé soiléir gur phioc na coláistí ar fad na daoine is neamhbhalbha agus is gníomhaí i saol an choláiste, agus go ginearálta bíonn mic léinn níos fearr nó dream ar bith eile ag teacht aníos le ceisteanna spreagúla, suimiúil agus cliste. Táim cinnte go bhfuair Joe Duffy (a bhí mar láithreoir ar an chláir) i bhfad níos mó ná mar a bhí sé ag tnúth leis!

Bhí beirt chainteoir ann ar an lá, ceann amháin do gach clár sa tsraith agus bhí deis againn ceisteanna a chur orthu agus ar an tUachtarán í féin. Bhí an bheirt chainteoir an-mhaith. Sa chéad pháirt labhair Martin O' Neill, captaen ar Aston Villa agus Éireannach ó dhúchas faoi 'Cad is Éireannachas ann?' (dár leis féin). Labhair sé go han-ionraic ar fad, ag tarraingt óna thaithí féin ag fás aníos sa tuaisceart. Nuair a thosaigh sé ag imirt sacair mar ógánach, mar shampla, níor ligeadh dó leanúint ar aghaidh lena chuid traenáil leis an Cumann Lúthchleas Gael a thuilleadh. Léirigh sé cé chomh mór is atá athrú tagtha ar an saol ó na laethanta sin. Léirigh sé cé chomh aisteach is a mhothaigh sé nuair a tháinig beirt Shasana chuig a theach chun agallamh a chur air roimh do bheith ina chaptaen ar Aston Villa. Chruthaigh sé íomhá siombalach go leor faoin bheirt fhear seo sa seomra suí leis agus an dhá phictiúir clasaiceach mar mhaisiú ar na ballaí - Pádraig Mac Piarais agus an croí rónaofa.

Bhí neart ceisteanna ag na mic léinn dhó, ach is í an tUachtarán a thug an freagra is fearr ar an cheist faoin chiall a bhaineann le hÉireannachas. D'aontaigh sí nach bhfuil an bhrí céanna ann inniu is a bhí san am atá thart. Ach, fiú i measc an domhandú, an galldú agus gach rud eile a bhaineann le sochaí nua-aimseartha se'againne, ní féidir linn dearmad a dhéanamh ar na mílte daoine i dtíortha eile atá fíorbhródúil as na fréamhacha atá acu, nó ag a gcuid sheantuismitheoirí as Éirinn. Tá brí éigin ag baint le sin – tá Éireannachas tábhachtach do na daoine sin, fiú anois nuair nach bhfuil sé chomh tábhachtach céanna do cuid againn in Éirinn, b'fhéidir.

Is é Pádraig Ó Ceidigh, Stiúrthóir Bainistíochta Aer Arann, a bhí mar chainteoir in dhiaidh am lóin. Labhair sé faoi chúrsaí eacnamaíochta na laethanta seo, agus cad is féidir linn a dhéanamh mar thír chun na fadhbanna ar fad a réiteach. Dúirt sé go bhfuil an todhchaí inár láimhe féin mar mhic léinn – tá an chéad chéim eile suas againne. Tá fiontraíocht agus nuálaíocht ag teastáil ón chéad ghlúin eile chun Éire a thógáil tríd na laethanta deacra dorcha seo romhainn amach. Mar chainteoir, bhí sé sármhaith, fíor spreagúil agus bríomhar. Labhair sé gan script nó rud ar bith aige ach é féin agus a scéal ionraic faoi conas a bhunaigh sé Aer Arann.

D'oscail agus dhún an tUachtarán an dhá chlár. Níor dúradh linn cathain a mbeadh an triú cuid den tsraith á thaifeadadh, ach nach cuma; bhí an lá fada go leor mar a bhí sé! Bhíomar ann ó mheán lae go dtí leathuair tar éis a cúig. Ach, fós féin, thaitin an lá go mór liom, agus is cosúil ó na rudaí a chuala mé gur thaitin sé le gach duine eile chomh maith. Ní raibh an lá crua ar chor ar bith, le sosanna fada, sólaistí áille, agus neart tae agus caife chun muid a choinneáil sásta. Bhí deis iontach againn labhairt le daoine ó choláistí eile chomh maith – tá fáilte den scoth san Áras!

No comments:

Post a Comment