Friday, February 22, 2008

IFI Taispeántas Gearrscannáníochta

Cuireadh taispeántas gearrscannáníochta ar siúl ar an 19ú lá Feabhra san IFI i mBarra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Líonadh gach suiocháin agus dhíoladh gach ticéid. Thug Alan Marr ón Bhord Scannán na hÉireann oráid roimh múcadh na soilse faoi scéimeanna nua atá bunnaithe acu, agus faoin milliún euro atá siad ag beartú do chomhlachtaí léirithe gearrscannáin sa bhliain 2008 .

Bhí ocht scannáin in iomlán, ach sheas an scannáin "Frankie" amach. Stiúirithe ag Darren Thompson, fuair sé an Gradam Absolut don Scannán Gaelach ab fhearr ag Féile Scannáin Corcaigh 2007.

Tá Frankie 15 bhliana d'aois agus ag súil le breith a linibh. Bíonn sé ag cleachtadh le babóg. Thréig a athair fhéin é ina hóige. Idir a bhlas láidir Bleá Cliathach, agus an tslí a insíonn sé an scéal go hionraic dúinn, faighimid pictúir den bhochtainis ina mhaireann sé.

Dhealraigh an scannán fíor-mhaith ón taobh amharcealaíon de. Tá radharc iontach ann le Frankie ina shuí ar tralaí i lár páirce, ag stanadh isteach i súille an bhabóig, tithe comhairle sa chúlra. Tá an chuma atá ar an aisteoir foirfe sa pháirt – súile caola, ach miongháire saonta.

Bhuaigh "An Créatúr", stiúirithe ag Peter Foot, Gradam an Lucht Féachanna ag an bhféile i gCorcaigh. Breathnaíonn an príomhcharactair siar ar a shaol, ach samhlaíonn sé é fhéin mar atá sé anois – fásta suas – sna radharcanna éigsúila. Níl a leithéid den scannán seo feicthe riamh. Caithfidh go raibh sé deacair ar an aisteoir ról an linibh a thógáil, agus d'éirigh le Robbie Sheehan bheith socreidte leis.

Tá sé lofa 'bheith ag breathnú ar breith an fhir fásta, leis an corda imleacáin agus gach rud eile le feicáil, agus scéal gruama atá ann – faigheann dreatháir Robbie lot inchinne. Ach casann an scéal go tobann tar éis barrchéim ollmhór agus d'fhagtar an lucht féachanna in iontas.

No comments:

Post a Comment