Wednesday, July 02, 2008

Deireadh le Ré

Tá an Club chun dúnadh taobh istig de bhliain. Táimid ag druidim chun deireadh le Ré an Conartha ar 6 Sr. Fhearchair. Cé nach chreidim féin go foil é, tá sé fíor... :(

Fuair mé post (eile!) ann. Thosaigh mé Dé Luain ag obair taobh thiar den bar (Aisteach – cleachtaithe le bheith ar an taobh eile!) Bhí mé ag iaraidh níos mó am a chaitheamh ann sula nimionn sé…

Tá an “auction” le bheith ar siúl ar an 15ú la Iúl. Cé go mbeidh na daoine sna hoifigí thuas bogtha amach go háiteanna sealadacha gan rómhoill, ní bheidh an club dúnta láithreach. Tá daoine ag rá go bhfanfaidh sé ar oscailt go dtí am na Nollaig. Tá obair na hoifigi le leanúint ar aghaidh, ach ní thugann sé sin mórán sólás dúinn… domsa. Táim croíbhriste!!

Ní dóigh liom go bhfuil ‘fhios ag duine ar bith cé comh fhada is a mbeidh an club dúnta, imithe, marbh... 3 bhliaina? 10 mbliaina? Go deo? Thóg sé tamaill fada an áit a chur le chéile sa bhealach ina bhfuil sé anois… Tá cuma “charming” air, agus céard faoi na truscáin álainn? An bhfuil aon áit stóras ar fáil go dtí go bhfuil áit nua socraithe?

Tá neart luaidreáin ag eitilt thart… An mbeidh go leoir airgid chun an Ionad mhór nua seo a cheannach? I measc an fhaitíos ar fad faoin spealadh eacnamúil atá tar éis teacht ar an tír, an é seo an am is fearr le bogadh? An mbeidh an airgead céanna le fail ón rialtais? An gheobhaidh siad preighis mhaith don áit? Táim scanraithe, sin an méid... Táim cinnte go bhfuil fhios acu cad tá ar bun acu – tá an cuma orthu go bhfuil.

Thit mé i ngrá leis an cathair nuair a tháinig mé go Baile Átha Cliath dhá bhliain ó shin, ach ‘sé an conradh an áit is fearr liom sa cathair, agus sa tír! An méid de stair atá ag baint leis an áit .. Tá sé treascrach… Tá pictiúirí taobh thiar den barr ón tréimhse ina raibh an áit in úsáid mar banc Sinn Féin fadó. Is breá liom an fhoirgneamh í féin – na tolláin faoi Áras Móibhi; na sean-shimléir; na síleálacha airde... Tá draíocht éigin san áit, nach bhfuil? Gach uair a théim ann, agus é ciúin, suimhneach... breathnaím thart ag smaoineamh. Dearfainn go mbeadh na mballaí in ann an-chuid scéalta a insint! Samhlaigh é!

Idir óg agus aosta, is cuma sa chlub. Tá beagnach gach éinne cairdiúl, cainteach, ag baint sult as an cumarsáid trí mheán na Gaeilge le daoine leis an suim céanna. Gach éinne ag iarraidh ár dteanga a usáid, agus a chleachtadh. Cuireann sé Cheers i gcuimhne orm!

Bíonn sé ar nós go bhfuil tú tar éis éalú ón cathair ar feadh tréimhse. Uaireanta i mbliaina nuair a bhí rudaí ag éirí ró-deacair orm – an brú ag méadú agus an cathair gnóthach ag tabhairt tinneas cinn dhom – bhí mé comh sásta i ndiaigh cúpla uair a chloig a chaitheamh ann. Fiú nuair a bhí mé ag obair thuas staighre ag cabhrú ag an fáiltiú – tá aitmaisféir san áit nach gheobhfá in áit ar bith eile…

Bhí mé ag caint le fear amháin aréir atá ag teacht ann le daichead bhliain anúas… Tá daoine eile ann gach seachtain, bíonn na mic léinn ann gach Máirt… bhraitheann an-chuid daoine ar an áit. It’s one of a kind! Cheapas go mbeidh sé ann go deo. Actually, chun an fhírinne a rá, níor smaoinigh mé riamh ar sin. I suppose I took for granted that it’d always be there.

An grá atá agam don Gaeilge, thug an club dom é, agus na daoine a bhíonn ag crocadh thart ann. Chas mé le cairde iontach ann. Chonaic mé taobh do muintir BÁC, agus do Tír seo, nar fhaca mé riamh roimhe. Spreag sé mé agus anois sé mo bhrionglóid ná a bheith ag obair sna meáin cumáirsáide Gaeilge as seo amach i mo iriseóir, nó scríobhneoir. Gaeilge agus Béarla.

Chas mé le lucht Aisteoirí Bulfinn sa chonradh. D’fhoghlaim mé mo chuid gaeilge leo –agus aisteoireachta!

…ag cleachtadh drámaíochta, ag ól, ag caint, ag pleichíocht… ag cóisirí, ag ceiliúradh cibé rud… Is cuimhin liom an chéad oíche leo – an léamhscriopta. Oh holy God! Ní raibh mé ach cúpla mhí sa coláiste, agus ní raibh mé i mo Uachtarán an Cumann Gaelach ag an am sin, mise á rá leat!! Ní raibh mo chuid ghailge go han-mhaith (bhí sé HOPELESS) agus bhí mé go hIOMLÁN caillte! Hehe... Fiú nuair a fuair mé “grind” sa bhliain deireanach sa mheanscoil, ní fuair mé ach B2 nó rud éicint… Sa scoil, bhí Gaeilge ró-dheacair dhom. Nó, sin a cheap mé!

Bhíomar ag léimh an scriopt (well, bhí mé ag iarraigh – ag stopadh ag gach dara focail chun “sounding out” a dhéanamh leis… Náireach!) Níor thuig mé teideal an drama (let alone an chuid eile de!) Níor thuig mé rud ar bith a dúradh liom. Bhí mé ag cogar istig i cluas mo chara (What did he just say to me…?)

Fuair mé páirt – bhí an cuma ceart orm don charactar! D’fhás mo chuid Gaeilge go tapaigh – bhí mé tar éis léimt isteach sa “deep end” agus níorbh ann ach dhá rogha (“snámh” a roghnaigh mé!)

Oibríonn an tumoideachas. Fuair mé tumoideachas ó lucht Bulfinn, agus ó Club an Conartha. Is aoibhinn liom bheith ann leis an cumann gaelach (MO chumann anois! Sin cé comh fhada is a tháinig mé!)

Gan an conradh, níl fhios agam cá mbeadh mé anois. Beadh mo Gaeilge i bhfad níos laige – I bhfad ró lag le bheith dáiríre faoi obair sna méain Gaeilge. Ní bheadh an post seo agam san Acadamh Ríoga na hÉireann don Samhraidh. Ní bheidh mé ag dul go Inis Oirr an deireadh seachtaine seo chugainn go dtí an Tionól Gaeltachta (le cairde ón conradh AGUS Bulfinn!)

Go bunúsach….. sé mo phointe ná, d’athraigh an Conradh (agus an Club faoi) mo shaol.

Beidh sé deacair slán a rá leis an áit, y’know?

Making your way in the world today
Takes everything you've got.
Taking a break from all your worries
Sure would help a lot.

Wouldn't you like to get away?

Sometimes you want to go
Where everybody knows your name,
and they're always glad you came.
You wanna go where people know,
people are all the same,
You wanna go where everybody knows
your name.

3 comments:

  1. I can't read Gaelic, but nice to see some people in Ireland haven't forgotten it.....

    ReplyDelete
  2. It was a great decision by the Irish people in the way they voted no to Europe, and the super state....perhaps other nations will now follow Ireland's example..

    ReplyDelete
  3. I doubt it... the Irish politicians are going to push it through. There’s talk of conducting a survey as to why people voted No – they’re going to use the answers to try and prove we were “confused” and, just like with the Nice treaty, we’ll be asked to vote again, and told we were wrong and didn’t understand… Media scare tactics etc will eventually sway people. Or, if that doesn't work, Cowen will find another way.

    I’m happy we voted no, at least it shows the EU that we don’t agree with it, even if all we can do is delay things for a little while...

    ReplyDelete