Wednesday, June 11, 2008

Setanta Murphy le Garret Keogh

"Setanta Murphy Part 1 - A Comedy In Which Nobody Dies"

Níor chaoinigh mé in amharclann riamh roimh sin ach, an Sathairn seo caite i Bewleys Cafe Theatre, bhí cupla deoir i mo shúile. Níor lean an léiriú ar aghaidh ach ar feadh daichead nóiméid nó mar sin de, ach ní fhaca mé dráma níos láidre nó níos cumhachtaí ná Setanta Murphy le fada agus bhí iontas orm go raibh sé in ann cur isteach orm comh mór sin. Is dóigh gur chur sé mo sheanmháthair i gcuimhne dom... Bean uasal a bhí inti... Cinnte... Agus í uaigneach ag druidim chun deireadh... Bhí a lán sniffles le chloisteáil ón lucht féachanna agus táim cinnte go raibh an cuid is mó dóibh ag smaoineamh ar duine áirithe comh maith!

Sa dráma, níorbh ann ach beirt charactair; Setanta é fhéin agus a sheanuncail. Bhí ar an seanfhear dul isteach i Nursing Home, agus dúirt sé: “It’s not what I expected at all. They’re all so old.” Agus é ceithre scór is deich mbliana d’aois é fhéin! Sé an radharc sin (an radharc dheireanach) an ceann is éafachtaí agus brónach sa dráma - dráma a bhí lighthearted go leoir taobh amuigh de sin. Gach uair eile ina raibh a chuid uaigneas á thaispáint dúirt an seanfhear rud éigin greannmhar, nó d’athraigh sé an ton i bhealach éigean, ach an uair seo bhí a chuid éadóchas comh láidir gur líon sé an amharclann bheag sin, agus bhog sé chuille duine a bhí istig ann. Bhí sé deacair breathnú air, fiú... agus na haisteoirí ag gol comh maith... Bhí eagla uafásach air roimh an áit - roimh an todhcaí sceirdiúil a bhí in ndán dó...

Sé seo an chéad oíche ina raibh an seanfhear chun fanacht san áit. Díreach landáilte, scanraithe, déistin air faoi stad an áit… Bhí an intercom ag rá go raibh ar cuairteoirí imeacht abhaile, ní raibh Setanta réigh chun fágail go foil, d’iarr súile an sheanfhear air: don’t go! Ach bhí an drama fineálta go deo – níor éirigh sé ró-maoithnach ar cor ar bith.

Bhí Setanta go han-mhaith. Luke Griffon a bhí sa pháirt. É ag caint leis fhéin don chuid is mó, agus ag samhlú é fhéin mar laoch. Chasamar lenár laoch agus é lasmuigh de doras an Nursing Home, agus tríd a chuid ramblings atá ar nós go bhfuil sé ag smaoineamh ós ard, fuair muid réamheolas éigin don scéal, agus don caractair Setanta agus an cineál duine a bhí ann. Sé Setanta an t-aon gaol atá fágtha ag an sheanfhear, ghlac sé an freagracht agus cé go bhfuil fustrachas air, déanann sé a chuid.

An-scríobhneoir é Garret Keogh, agus an-aisteoir é comh maith! Agus nílim just ag rá sin de bharr go bhfuil aithne agam air. Níl sé 90, obviously, ach bhí sé go hiomlán sochreidte agus rinne mé dearmad gur é fhéin a bhí ann (chabhraidh an feasóg bréagach le sin is dóigh!). Ar aon nós, I was blown away. Bhí an dialóg comh nádúrtha, ní chreidfeá é! Bhí nósanna agus tréithe éigsúla ag na charactair, bhí a bhfórsa bheatha féin acu, ar bhealach. Pearsantacht an-láidir a bhí ag an beirt acu, agus gné dhaonna nach fhéadfach cuma as an spéir, y’know? An argóint faoin radaitheoir a bhí briste, an comhrá ar an fón a d’fhéadfadh do chroí a bhriseadh... bhí an gaol eatharthu faoi straidhn uafásach agus bhí sé seo le chloistáil sa “banter” a bhí ag dul ar aghaidh, ach bhí teolaíocht idir an bheirt acu agus atrua ag Setanta don seanfhear agus bhí sin le feiceáil go soléire comh maith.

Níor chreid mé conas go raibh Garret in ann an réalachas seo a chruthú sna charachtair... Mar a tharlaíonn sé bhí an Seanuncail bunaithe ar a sheanuncail féin ar bhealach, agus thánaig an scéal as meascán de stair na teaghlach, eachtraí a tharla, agus ficsean. Suimiúil!

Déarfainn go mbíonn sé deacair ar daoine siad fhéin a shamlú ina tseandaoine... nó mar cuid de haoisghrúpa ar bith. Is furasta crá croí an charachtair a aithint i daoine áirithe a bhfuil aithne agam orthu. Thuig an lucht féachanna go ghortaíodh Setanta nuair a bhí air an seanfhear a thréigeadh san áit lofa sin.

Bhí an stáitse an-bheag, ní raibh ach prop nó dhó in usáid ag aon am amháin, ach ní raibh gá le aon rud eile. D’oibrigh an aisteoireacht agus an script le chéile, agus ní raibh rud ar bith eile ag teastáil...

Tá an “run” sin i Bewleys críochnaithe anois, ach tá Garret ag smaoineamh ar leath eile a scríobh (“Part 2”) agus a cur leis agus dráma lánfhada a dhéanamh as... Mollaim daoibh dul ag breathnú air. Corraitheach, greannmhar, an-thaitneamhach!

No comments:

Post a Comment