Tuesday, November 07, 2006

An t Oireachtas i nDoire

7ú Samhain
An t Oireachtas i nDoire

Táim cinnte go raibh gach cuairteoir a bhí ag Oireachtas na Samhna i nDoire Colmcille seachtaine seo chaite tuirseach traochta tnáite ina dhiaidh. Cé go raibh a lán imeachtaí iontacha ag siúl i rith an lae ón 2-5 Samhain, bhí an chraic is mó ag an Oireachtas le fáil ag Club na Féile in Óstán na Cathrach. Pé áit sa chathair a raibh na cuairteoirí don Oireachtas ag taiscéal i rith an lae, tháinig siad le chéile um thráthnóna anseo.

Oíche i ndiaidh oíche bhí an áit dubh leis na mílte daoine idir an óg agus aosta - múinteoirí agus daltaí, léiritheoirí agus mic léinn, páistí, seandaoine, gaeilgeoirí, turasóirí agus foirne ceamara - lean siad go léir ar aghaidh ag ól, ag canadh agus ag damhsa go dtí timpeall a trí ar maidin gach lá, agus iad go léir ag déanamh fíoriarracht an Ghaeilge a bhí acu a labhairt.

D'osclóifear an Féile go hoifigúil le ceolchoirm iontach tráthnóna Dé Céadaoin. Cuirfear i láthair é mar cabaret le hoidí agus mic léinn ó Chlár Oideachais Ealaíne Bhláthanna. Bhí amclár an tOireachtas lán le himeachtaí de gach saghas - sport, damhsa, ealaíon, litríocht, na meáin cumarsáide, ceol, cultúr - go dtí an lá deireanach. Oíche Dé Domhnach bhí Aifreann an Oireachtais ar maidin, Comórtas Iománaíochta na gClubanna sa meánlae agus Seirbhís Eacúiméineach um thráthnóna. Chríochnaigh an féile le tradisiúntas, agus meas do stair ár gcúltúr agus a tslí a mbíonn sé fite fuaite lenár gcreideamh.
Bhí An tOireachtas ar siúl i nDoire don chéad uair riamh ó bunaíodh an fhéile in 1897. Bhí fáilte roimh gach duine i rith an Oireachtais, ar aon nós bhí tairbhe iontach le baint ag an eacnamaíocht áitiúil as an ocáid agus ar a laghad €3 mhilliún sa bhreis á chaitheamh sa chathair.

Bhí gach leaba sa cheantair lán, ach bhí sé an-deacair lóistín a fháil sa cathair féin go háirithe. Sílim go raibh pócaí na dtiománaithe tacsaí comh lán freisin, le daoine ag dul timpeall gan aon dóchas sna busanna (nach raibh iontach sábháilte, chun an fhírinne a rá) agus iad ag fanacht lasmuigh den cathair.

Ba é an comórtas damhsa ar an sean nós ceann de na himeachtaí laethúla a bhí ar siúl. Ba chuid suntais é gan dabht agus é beo ar an aer óna trí a chlog tráthnóna Dé Sathairn. Bhí daoine chomh hóg le seacht mbliana d'aois agus roinnt eile ag damhsa le trocha bliain anúas ag glacadh páirte, ach síos tríd na haoisghrúpaí bhí an caighdeán damhsa dochreidte go hiomlán. Bhí sé soiléir ón mbualadh bos agus ón mbéiceach go léir gur bhain an lucht féachana an-taithneamh as an taispeántas.

No comments:

Post a Comment